Page 14 - MIC U Prospectus 17 18
P. 14
An Ghaeilge Neamhfhoirmiúil sa Choláiste
Tá cáil na Gaeilge ar Choláiste Mhuire gan Smál agus is cuid de shaol laethúil an Choláiste í ar an taobh acadúil agus ar an taobh sóisialta
de. Tacaíonn polasaí dátheangach an Choláiste le deiseanna a chothú chun leas a bhaint as an nGaeilge mar ghnátth-theanga chumarsáide i measc phobal an Choláiste, idir bhaill foirne agus mhic léinn.
AN SEOMRA CAIDRIMH – FOIRGNEAMH NA LEABHARLAINNE
Ionad Cruinnithe, Ionad Ceoil agus Rince, Ionad Seolta Leabhar, Seomra Ranga...
Is spás é seo inar féidir le pobal uile an Choláiste teacht le chéile Chun an Ghaeilge a úsáid ar
bhonn neamhfhoirmeáilte; is féidir teacht isteach agus cupán tae/ caifé a dhéanamh, labhairt le do chairde, éisteacht le ceol, agus mar sin de. Tá an Seomra Caidrimh i bhFoirgneamh na Leabharlainne
ar champas an Choláiste.
Eagraítear clár cuimsitheach d’imeachtaí do bhaill foirne agus do mhic léinn i rith an téarma agus le linn Seachtain na Gaeilge freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Seomra Caidrimh, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge an Choláiste: Caitriona.Breathnach@mic.ul.ie
SEACHTAIN NA GAEILGE – GACH MÁRTA
Cuireann Seachtain na Gaeilge
úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn mar chuid d’fhéile a reáchtáiltear i mí na Márta gach bliain. Tagann Oifig each na Gaeilge, An Séiplíneacht, An Oifig um Chothú Sláinte, mar aon le hAontas na Mac Léinn agus Ranna Acadúla eile le chéile chun seachtain lán le ceol, craic agus comhluadar
a eagrú, leis an Seomra Caidrimh mar cheannáras na n-imeachtaí.
CUMANN GAELACH GAN SMÁL
Ní gá a bheith líofa chun a bheith linn - An Cumann aims to provide an opportunity and a meeting place for those students who have an interest in speaking, improving their knowledge of, or learning Irish.
BORD NA GAEILGE
Tá Bord na Gaeilge sa Choláiste freagrach as moltaí a dhéanamh
don Údarás Rialaithe maidir le forbairt a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa Choláiste i gcoitinne i
saol oifigiúil, acadúil agus i measc mic léinn an Choláiste, chomh
maith le polasaí dhátheangach
an Choláiste a chomh-líonadh. Tá ballraíocht ag idir mhic léinn agus bhaill foirne ar Bhord na Gaeilge agus reachtáiltear cruinnithe go rialta.
12 MIC Undergraduate Prospectus — 2018-2019

