Stair na Roinne
Ar spreagadh Chonradh na Gaeilge tosaíodh ar theanga na Gaeilge a mhúineadh sa choláiste 1904. Deineadh seo trí mhodh an aistriúcháin. Níor múineadh aon litríocht Ghaeilge go dtí 1922 nuair a tosaíodh ar ábhair a theagasc trí mheán na teanga sin.
Ó 1926 go dtí lár na seascaidí, le linn do na Coláistí Ullmhúcháin a bheith i dtreis agus go mba ón nGaeltacht do bhunáite na n-iníonacha léinn, b’in ré órga na Gaeilge sa choláiste nuair ba iad an Ghaeilge agus an Gaelachas a shainmharc.
D’athraigh an sainmheon seo ina dhiaidh sin. Tosaíodh an athuair ar ábhair a mhúineadh trí Bhéarla. 1974/’75 nuair a deineadh an chéim B.Oid. a thairiscint, cuireadh deireadh ar fad nach mór leis an múinteoireacht trí Ghaeilge.
Ainneoin seo tá an Gaelachas mar bharrlán sa choláiste i gcónaí; na céadta mac/iníonacha léinn ag gabháil don Ghaeilge. Tá an Ghaeilge riachtanach mar ábhar acadúil do lucht léinn chéad bhliana B.Oid., agus leanann an-chuid díofa seo ar aghaidh léi i gcoinne na céime. Chomh maith céanna roghnaíonn uimhir mhór mhac/iníonacha léinn í don chéim B.A. Is féidir cúrsaí iar-bhunchéime a dhéanamh inti.
Mar thuilleadh léirithe ar an mbarrlán seo tá craobh de Bhord na Gaeilge sa choláiste, tá Cumann Gaelach láidir ann, bíonn baint mhór ag na mic/hiníonacha léinn le Caidreamh agus le Féile an Oireachtais. Glacann siad páirt i gcomórtais drámaíochta agus díospóireachta eadarcholáistí. Foilsítear an t-irisleabhar Scothsmaointe.
Ar na baill foirne ón tús bhí Eilís Ní Mhurchú, Seoirse Mac Fhlannchadha, an tSr. Uinseann, an tSr. Ursula agus an tSr. Redempta.