Cúrsaí Iarchéime / Deiseanna Taighde.
Tá taighde déanta ag foireann an Gaeilge ina réimsí speisialta agus i ngnéithe éagsúla de theanga, de litríocht agus de chultúr na Gaeilge agus tá rogha fhairsing ábhar agus modh staidéir ar fáil ag mic/iníonacha léinn ag leibhéal na hiarchéime (MA/PhD), idir chursaí múinte agus mhodh an taighde amháin.
M.A. / PhD Taighde (Modh A): Mórthráchtas.
Fáiltítear roimh iarratais ar iarchéim sa Nua-Ghaeilge sna réimsí seo leanas:
-
Nua-litríocht na Gaeilge, idir phrós, fhilíocht agus dhrámaíocht
-
Teanga agus Litríocht na Gaeilge, idir phrós agus fhilíocht, sa seachtú, ochtú agus naoú haois déag
-
Lámhscríbhinní na Gaeilge agus Eagarthóireacht Théacsúil
-
An Fhiannaíocht
-
Logainmneacha
-
Béaloideas
-
Stair agus Litríocht na hAthbheochana
-
Teanga agus Pobal
M.A. Múinte (Modh B): Cúrsa bliana agus miontráchtas.
Múintear an cúrsa seo dhá oíche sa tseachtain le linn na bliana acadúla. Sé mhodúl as na cinn seo leanas a bhíonn le déanamh ag an mac/iníon léinn maille le miontráchtas taighde fé stiúir léachtóra:
-
Nua-Litríocht na Gaeilge
-
Litríocht na Sean-Ghaeilge
-
Litríocht an 17ú agus an 18ú hAois & Léann na Lámhscríbhinní
-
An Litríocht Chlasaiceach & An Nua-Ghaeilge Mhoch
-
Gnéithe de Shochtheangeolaíocht na Gaeilge
-
An Béaloideas
-
An Ghaeilge agus na Meáin
-
Léann an Aistriúcháin